Take a photo of a barcode or cover
siunica 's review for:
If Women Rose Rooted: The Power of the Celtic Woman
by Sharon Blackie
emotional
inspiring
reflective
slow-paced
Agus mé ag tosnú amach ar aon leabhar scríofa ag duine sasanach, is cuirt a rá go mbím amhrasach - ach go háirithe agus iad suite sa chéad cúpla leathnach sa leabhar i gcondae Dún na nGall. Bhí muid mall le teacht le chéile, ach nuair a tháinig, thaitin an stíl scríobhneoireachta - ag díriú isteach ar scéal nó dhó gach caibidil, agus ar na ceachtanna a thig teacht amach as na scéaltaí seo, agus go háirithe na mná atá istigh iontu, don am atá inniu ann. Thaitin an díriú isteach ar gnéithe difriúla den shaol nadúrtha liom - an tobar, an sliabh, an forais. Baineann an údár úsáid astu le moladh a thabhairt de na mná teacht amach as an fhásach agus díriú isteach ar an nadúr, éist leis na ceachtanna a thagann ón nadúr, bí i dlúthteaghmháil leis an nadúr- mar leigheas air, agus is maith liom an coinceap seo agus an cothromaíocht a thig teacht ó níos mó nadúr a ligint isteach inar saol. Ach rud a rith liom ón uair a thosaigh mé an leabhar seo ná go mbogann an t-údár thart gach cúpla bliain, agus ní fhanann sí in aon áit amháin le bheith abálta a freamhacha féin a chur síos domhan go leor go ndéanfadh an nadúr aon ceacht a theagasc di. B'fhéidir an freagra air ná nach mise an duine a deir cén ceacht atá á theagasc ag an nadúr d'aon duine eile. Ach sin rud a chuir isteach orm an leabhar ar fad, agus in amanna shíl mé gur leithscéal easca a bhí sa nadúr don údár seo a shaol ar fad a athrú uair i ndiaidh uair.
Ba bhreá liom an príomhphointe (nó b'fhéidir an pointe a tharraing mé féin amach) ná san am a chuaigh thart -b'ionann an bean agus ceannas , nó bhí bean i gcónaí sna scéaltaí a sheas isteach do cheannas nó a bhi abálta ceannas a bhronnadh ar fhear. Tugann ceannas anseo rud níos pearsánta - in áit stáit nó comhairle nó fiú rialtas ag tabhairt aire den tallamh agus de na daoine air, gur le gach ceann dúinn an freagracht seo a dhéanamh.
Rud le bheith cúramach faoi - agus mé á léamh leathbhealaigh fríd, cuireann an údár síos ar an taobh baineann diaga agus an taobh firisceann diaga - rud a ardaíonn ceist domh i gcónaí i scríobhnéireacht feimineach go bhfuil barúlacha eistiúinlachais ag an údár maidir le gné. I ndiaidh domh sin a chuardaigh, chuir léitheoirí eile dá leabhar "Hagitude" síos ar chaibidil ina labhraíonn sí ar daoine trasinsceanach agus barúlacha TERF iontu. Bheadh suim agam an leabhar sin a léamh domh féin - ach rud le bheith cúramach faoi.

Minor: Transphobia