A review by an_spideog
I Have Some Questions for You by Rebecca Makkai

challenging dark emotional mysterious reflective sad fast-paced
  • Plot- or character-driven? A mix
  • Strong character development? Yes
  • Loveable characters? Yes
  • Diverse cast of characters? Yes
  • Flaws of characters a main focus? It's complicated

4.0

Thaitin an leabhar so liom ach caithfead mo mhachnamh a dhéanamh air.

Léigheas an ceann so réasúnta tapaidh, bhí na caibidlí cuíosach gearr agus bhí sé frist cúpla ceann a léamh agus sos a thógaint.

Chuir sé ag cuimhneamh mé ar na slite go mbímíd ag déanamh cloí le scéalta i gcónaí, tar éis eachtra tragóideach is maith linn scéal néata bheith ann, bíonn sé níos fusa dhúinn ná an fhírinne. Ní maith linn an doiléire agus an éiginnteacht.

Mar gheall ar dheireadh an scéil:
Ní rabhas sásta leis, tháinig sé aniar aduaidh orm ar shlí, bhíos ag súil le deireadh mór maith go mbeadh na héinne ag ceiliúradh agus an chúis buaite acu, ach gan dabht ní mar sin a bhí. B'in é a bhí bhuam, ach ní dóigh liom go mbeadh an deireadh san go maith i ndáiríre. B'in é a bhí i gceist agam, bhí scéal deas néata bhuam ach ní mar a bhíonn.

Expand filter menu Content Warnings